|

Reamhrá
Is bunscoil
il-chreidmheach í Gaelscoil Riabhach a mhúineann tri mheán na Gaeilge agus ata
aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta mar Scoil Náisiúnta. Bhunaigh
grúpa tuismitheoirí an scoil i 2000 chun oideachas a chur ar fail tri mheán na
Gaeilge. Braitheann todhchaí na scoile ar gach tuismitheoir ag glacadh ról i
saol na scoile.
Gaeilge sa Scoil
Sí an Ghaeilge
gnáthteanga laethúil na scoile agus múintear gach ábhar, seachas an Béarla trí
mheán na Gaeilge. Tumtar na páistí sa teanga agus foghlaimíonn siad an teanga go
nádúrtha sna blianta tosaigh ar scoil. Clúdaíonn an scoil an curaclam ceanna is
ata ag gach scoil. Iarrtar ar thuismitheoirí an Ghaeilge ata acu a úsáid sa
scoil.
Eolas Teagmhála
Seoladh: Gaelscoil
Riabhach, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe
Fón: 091 847865
Príomhoide: Pól Mag
Lionáin, B. Oid.
Cathaoirleach: Eoghan Mac Cormaic, B.A. (Léinn Ceilt./ Soc. Science)
Nóta: Má tá tú ag
iarraidh labhairt le múinteoir seol nóta chuige/ chuici chun am cuí a shocrú nó
fág teachtaireacht ar inneall freagartha na scoile nó cuir glaoch I ndiaidh am
scoile agus teagmhóidh an múinteoir leat. Ní mór ábhar an chruinniú a luadh leis
an múinteoir.
Carol Ní Dhochartaigh - Naíonáin Bheaga
Póla Ní Chonchubhair - Naíonáin Bheaga/ Rang a hAon
Dora Uí Challanáin - Rang a hAon/ Rang a Dó
Pól Mag Lionáin - Rang a Trí/ Ceathair
Bernie Ní Challagaigh - SNA Rang a Ceathair
Brian Ó Meacháin - Rang a Cúig/ Rang a Sé
Nuachtlitir
Seoltar fillteán
abhaile gach coicís le nuachtlitir na scoile, clúdach don síntiús deonach agus
eolas eile so thuismitheoirí ann. Iarrtar ar thuismitheoirí an fillteán a
filleadh ar an scoil lá arna mhárach. Ma tá e-phost ag tuismitheoir a úsáideann
siad go rialta cuir an scoil ar an eolas mar go bhfuil muid ag iarraidh an méid
páipéar a úsáidtear a laghdú.
Clárúcháin: Chuile eolais ón scoil
|