Back To Main  

 
 

Ráiteas Físe na Scoile

  • Is Gaelscoil (bunscoil) il-chreidmheach í Gaelscoil Riabhach a chuireann fáilte roimh gach duine sa scoil mar comhionann agus a feidhmíonn mar phobal ina bhfuil an Ghaeilge mar chéad theanga.

  • Tá sé mar mhisiún againn timpeallacht spreagúil, cineálta, sona agus sábháilte a chur ar fáil do na daltaí, mar spás inar féidir leo a riachtanais a aimsiú agus a fhorbairt ann.

  • Trí Chroí na Scoile cothófar meas ar an éagsúlacht atá sa scoil agus timpeall orainn sa saol.

  • Beidh ról lárnach agus daonlathach, ó bhainistiú go rannpháirtíocht laethúil, ag tuismitheoirí na scoile.

  • Iarrfaidh Gaelscoil Riabhach ionad oibre sábháilte agus sláintiúil a chur ar fáil do fhoireann na scoile.

  • Comhlíonfaidh gach ball den fhoireann a ndualgaisí go gairmiúil.

 

Croíluachanna na Scoile –

Tuiscint ar riachtanais intleachtula, fisicíula sóisialta, ealaíonta, spioradálta, morálta agus cultúrtha na bpáistí

Tuiscint ar éagsúlacht chumais – buanna ag gach paiste – láidreachtaí a neartú agus laigeachtaí a laghdú

Ról ag an scoil páistí a ullmhú don mheánscoil agus le haghaidh foghlaim feadh saoil

Gach duine mar chomhionann dall ar chine, aois, stádas pósta, creidimh, mi-chumas, inscne, gnéas chlaonadh, stádas eacnamaíochta ná stádas teaghlaigh.

Iarrtar, go hindibhidiúil agus mar aonad, forbairt pearsanta agus gairmiúla na n-oidí a chothú

Bíonn meas ar ghairmiulacht na múinteoirí

Déantar iarracht, tri Chód na Scoile, Croí na Scoile agus saol na scoile i gcoitinne

cur le féin-mhuinín gach duine i bpobal na scoile, meas a chothú i ngach duine dá cheile agus freagracht don scoil a roinnt tríd an bpobal.

Déantar gach iarracht iad siúd gan Gaeilge, no le beagáinín, a spreagadh chun í a fhoghlaim agus í a labhairt.

Tuigtear sa scoil go bhfuil ról fíor-thábhachtach ag daoine óga ins an nGaeilge a neartú tri í a labhairt agus í a thógáil taobh amuigh den scoil leo.

 

     

 

    

 

 
     
 
 

Cois Carraige,

Baile Locha Riach,

Co. na Gaillimhe

 
Fón:

 +353 91 847865

Email: oifig@gaelscoilriabhach.ie