|
Spriocanna 2009/10
Gaeilge:
Leagfar níos mó
béime ar an bpróiseas scríbhneoireachta agus éagsúlacht sna hábhair
scríbhneoireachta. Múintear an ghramadach mar chuid den phróiseas.
‘Botún na Míosa’ á
dhéanamh chun aird a dhíriú ar na botúin is coitianta.
Béarla:
In the first
half-term teachers will share successful lessons in Oral Language.
Each class level
will undertake projects using the writing process at least twice per term, eg.
Write a Book
Matamaitic:
Beidh an
cuiditheoir Mata i mbun sampla-aithris le múinteoirí ar úsáid ábhair
choincréiteacha sna ranganna.
Beidh balla
foclóir Mata i ngach seomra ranga ag léiriú na foclóra a bhaineann leis an rang
leibhéal sin.
Croí na Scoile:
Beidh Tionól
Míosúil le taispeántas ranga ar ‘Lá Speisialta na Míosa’ – cuireadh do thuistí
Leanfar téama
‘Aire’ sa chéad téarma, ‘Freagracht’ sa dara téarma agus ‘Fás agus Athrú’ sa
tríú téarma agus déanfar OSPS faoi na téamaí sin.
Eolaíocht:
Cuirfear béim ar
an dúile beo sa timpeallacht áitiúil – An Loch agus garraí na scoile
Tíreolaíocht:
Naíonáin: An
seomra ranga agus an clós, Rang 1: An Scoil, Rang 2: Baile Locha Riach, Rang 3:
Gaillimh, Rang 4: Éire, Rang 5: An Eoraip, Rang 6: Dul Siar
Stair:
Cuirfear stór de
scéalta staire le chéile do ranganna shóisearacha na scoile – Beidh na
ardranganna ag cuidiú le seó sa chéad téarma trí na scéalta a chur i bhfoirm
leabhair.
Ceol:
Déanfar forbairt
ar scileanna na bpáistí in éisteacht agus freagairt le ceol
Déanfar rangú ar
pháistí ar an bhfeadóg stáin agus eagrófar banna ceoil
Ealaíon:
Cuirfear
giobleabhair nó fillteáin le chéile ag an oide um obair na bpáistí a léiriú
Leagfar tuilleadh
béime ar chré agus tógáil agus obair a thaifead le ceamara
Corpoideachais:
Déanfar snámh agus
sábháilteacht-uisce le ranganna – R1 – 6 ag snámh
Beidh béim faoi
leith ar ghníomhachtaí fisiceacha sa seomra ranga – yoga, aclaíocht, rince,
Busy Breaks srl.
Drámaíocht:
Eagrófar Seó na
Samhna sa chéad téarma agus é ceangailte le Comhdháil an Fhorais
Próiseas na
drámaíochta taobh amuigh de sin: Béim ar chreideamh, ról srl.
Ginearálta:
Leagfar béim ó
thús na bliana ar dea-iompar sa scoil. Beidh ionchur ón SESS agus
gníomhaireachtaí sheachtracha eile. Leanfar Cód na Scoile agus iarrfar ar
thuismitheoirí a bheith gníomhach in aon chur chuige a úsáidtear.
Cód na Scoile:
I mbliana rinneadh
uasdátú ar Chód na Scoile agus cuireadh Polasaí Dínite ar Scoil
(Fríth-bhulaíochta) le chéile. Beidh cóipeanna de seo ag an gCruinniú Chinn
Bliana agus pléifear iad agus an Conradh Baile-Scoile ag an gcruinniú
|