|
Iomainn
don Chéad Chomaoineach/Chomhneartú
Iomainn agus Paidreacha
Aifreann Ghaelscoil Riabhach
Iontráil:
Tagaimís le chéile ós gcomhair an Rí,
Siúl, siúl i Solas Dé.
Canaimís le chéile le grá inár gcroíthe,
Siúl, siúl i Solas Dé
Curfá:
Siúl i Solas Dé, Siúl i Solas Dé,
Siúl i Solas Dé, Siúlaimís i Solas Dé.
Gníomh Aithrí:
Admhaím do Dhia uilechumhacht
Agus daoibhse, a bhriathar,
Gur pheacaigh mé go trom
Le smaoineamh agus le briathar,
Le ghíomh agus le faille
Trí mo choir féin, trí mo choir féin,
trí mo mhór choir féin
Ar an ábhar sin,
Impím ar NaomhMhuire síorógh,
Ar na haingil agus ar na naoimh,
Agus oraibhse a bhráithre,
Guí ar mo shon chun an Tiarna Dia.
Alleluia, alleluia, alleluia,
alleluia.
Firinne i do shoiscéal a Thiarna,
Solas is teagasc is neart don saol.
Alleluia, alleluia, alleluia, alleluia.
Ofráil:
Ag Críost an síol,
Ag Críost an fómhar,
In iothlainn Dé
Go dtugtar sinn.
Ag Críost an mhuir
Ag Críost an t-iasc,
I líonta Dé
Go gcastar sinn.
Ó fhás go haois,
Ó aois go bás
Do dhá lámh a Chríost
Anall tharainn.
Ó bhás go críoch
Ní críoch ach athfhás
I bParthas na nGrást
Go rabhaimid.
Is naofa, naofa thú,
A Thiarna, Dia na slua.
Tá neamh agus talamh lán de do ghlóir
Hosanna sna harda.
Is beannaithe an té ata ag teacht in ainm an
Tiarna.
Hósanna sna harda.
A Íosa, fuair tú bás ar ár son.
D’eirigh tú ó na mairbh.
Tiocfaidh tú arís
Comaoineach:
Síochán daoibh go léir
Síochán daoibh go léír
Síochán Síochán,
Tabhair siochán inár measc inniu.
Síochán, síochán.
A Mhuire Mháthair, sé seo mo ghuí,
Go mairfidh Íosa go beo im chroí,
Ave Maria, mo ghrá Ave,
Is tusa mo Mhathair is Máthair Dé.
A Mhuire Mháthair atá lán de ghrás,
Go mbeidh tú taobh liom ag uair mo bhás,
Ave Maria, mo ghrá Ave,
Is tusa mo mháthair is Máthair Dé.
Veni, Creator Spiritus,
Mentes tuorum visita,
Imple superna gratia,
Quae tu creasti pectoral
Beidh Tú i gCónaí Taobh Liom
Eirigh na gréine, gealann an spéir.
Spréann an solas thart.
Ach fós ar maidin, gruaim ar mo chroí.
Tógfaidh do ghrá an cian díom.
C: Beidh Tú i gcónaí le mo thaobh
Dóchas is tógáil croí;
Go raibh mé i gcónaí le Do thaobh,
Tusa mo Dhia’s mo Thiarna.
Glanfaidh na scamaill, tiocfaidh an teas,
Téifear an talamh faoi;
Agus ag mean lae cloisfidh mé glór,
‘Beidh
mé i gcónaí taobh leat.’
Oscail do Chroí
Oscail do shúile agus feicfidh tú mé.
Oscail do chluasa agus cloisfidh tú mé
Oscail d’intinn agus lig istecah mé.
Oscail do chroí agus glac le mo ghrá.
A Íosa, Glan mo chroíse
Go gléghlan gach lá.
A Íosa cuir m’intinn
Faoi léirsmacht do ghrá.
Déan mo smaointe go fíorghlan
Agus briathra mo bhéil,
‘S
a Thiarna Dhia dhílis
Stiúraigh choíche mo shaol.
Scoir:
Le háthas is le lúcháir
Dé
A scarann muid anois
Mar i gcosa láidir Dé a bhéas ár siúl.
I súile caoine Dé
A fheiceann muid a chéile
‘S
dóchas Dé a thabharfaidh misneach dúinn
Agus Alleluia
|